Tá áthas orainn a rá go bhfuair muid gradam i gcomórtas Ghlór na nGael 2009 — an dara duais sa chéad rang. D'fhreastail ceathrar againn ar bhronnadh na nduaiseanna i Halla na Cathrach i mBéal Feirste ar 20 Márta 2010, agus bhain muid an-sult as an oíche.

Cé gur eagraíocht bheag muid i láthair na huaire, beidh muid ag leanúint ar aghaidh ag forbairt an chumainn agus na teanga i mbliana.