Categories
Uncategorized

An Saol in Am na Dianghlasála

Tá rudaí an-difriúil na laethanta seo ó tháinig an dianghlasáil isteach mar gheall ar an choróinvíreas, agus beidh a dhearcadh féin ag achan duine an rud maith é a bheith ag obair sa bhaile seachas i lár na cathrach nó cibé áit. Tá roinnt daoine atá ag dul anonn in aois, áfach, nó a bhfuil galair éagsúla orthu nach bhfuil cead acu an teach a fhágáil ar chor ar bith, agus cuid mhaith eile atá ag déanamh a ndíchill cuidiú le páistí a bhfuil orthu a gcuid obair scoile a dhéanamh ar an ríomhaire seachas i seomra ranga (agus bhí muid ag gearradh siar ar “screen time”!). Ciallaíonn sé sin go bhfuil am deacair i ndán dóibh, óir níl a fhios ag duine ar bith cén t-am a mbeidh vacsaín ar fáil a ligfeadh dóibh an teach a fhágáil. Is deacair an rud é a bheith ag smaoineamh ar Ghaeilge ag am mar seo, ach más rud é go raibh sé i gcónaí ar intinn agat í a fhoghlaim, nó go bhfuil carn mór leabhar sa teanga i do theach, d’fhéadfá an deis a thapú aithne níos fearr a chur ar do theanga dhúchais. Má tá Gaeilge líofa agat, seans gur mhaith leat Gàidhlig nó Manainnis a fhoghlaim chomh maith. Tá neart rudaí dearfacha a dtig leat a dhéanamh, fiú agus an saol i bhfad níos teoranta ná a bhí.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s