An Cumann

Tá Ard Mhic Nasca suite ar an chósta ó dheas de Loch Lao, leath bealaigh idir Béal Feirste agus Beannchar. Thar na blianta siar bhí baint leanúnach idir an baile agus an Ghaeilge. I measc na n-áitreabhach tá siad seo le cuntas: An Dr. Samuel Bryson, an scríobhaí Gaeilge; a dheartháir, an tOirmh. Aindrias Bryson; An Dr. St. Clair Boyd, chéad Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste; Rosamund Praeger, dealbhóir agus ball díograiseach den Chonradh; An tOirmh. John Crozier, ball eile den Chonradh agus sa deireadh Ardeaspag de chuid Eaglais na hÉireann ar Dheoise Ard Mhacha; An Moins. Séamas Ó Laibheartaigh, sagart áitiúil agus staraí na deoise; Pádraig Mac Con Midhe; An tAth. Pádraig Mac Caomhánaigh, úrscéalaí Gaeilge faoin ainm cleite Pádraig Uiséir; agus Bertha Geddis, a bhí in a crann taca don chraobh ar feadh blianta fada. Níl anseo ach gearrliosta.

Bunaíodh an chraobh i 1902 faoi stiúir an Mhoins. Uí Laibheartaigh. Sa bhliain 1921 ba iad seo na hoifigigh:

Uachtarán: P. J. MacLaverty
Cisteoir: Hugh MacDevitt
Rúnaí: Pádraig MacNamee