Comhluadar

Bunaíodh Comhluadar i 1993 chun tacaíocht agus treoir a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí. Aontaímid go léir, na saineolaithe san áireamh, gurb é an baile an suíomh is nádúrtha agus is fearr do shealbhú teanga.

Le Comhluadar, bíonn deis agat aithne a chur ar dhaoine eile i do cheantar atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Is iomaí cairdeas a bhunaítear i gComhluadar – cairdeas idir tuismitheoirí agus páistí. Gach mí, tugtar cuireadh do theaghlaigh teacht le chéile ag réimse leathan ócáidí sóisialta agus oideachasúla, mar shampla, cóisirí, ceardlanna agus turais.

Tá Comhluadar ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda mar an phríomheagraíocht a chuireann an t-aistriú teanga ó ghlúin go glúin chun cinn, agus is cúis áthais dúinn i gCumann Gaelach Ard Mhic Nasca a bheith páirteach sa dea-obair.

Is féidir níos mó a léamh fá dtaobh de Chomhluadar anseo.

Tá cúpla grianghraf dár gcuid imeachtaí le feiceáil anseo.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi imeachtaí sa cheantar, seol ríomhphost chugainn ag zepf@hotmail.co.uk.