
Is í fís Ghlór na nGael ná leathnú agus buanú a dhéanamh ar chumas daoine an Ghaeilge a úsáid i ngach réimse de shaol an phobail. Is comórtas neamhpholaitiúil, neamhsheicteach, cuimsitheach é a chothaíonn íomhá dhearfach i leith na Gaeilge.
Bronnann Glór na nGael breis agus €150,000 de dhuaiseanna ar choistí timpeall na tíre gach bliain. Déantar é seo trí chomórtas poiblí a mbíonn páirtnéireacht ó ghrúpaí áitiúla agus cur chun cinn na Gaeilge mar chroílár ann.
Is ionann próiseas measúnaithe Ghlór na nGael agus creatlach pleanála. Is é an t-aon chóras pleanála i leith teanga é a fheidhmíonn in Éirinn.
Tugtar aitheantas d’iarrachtaí gach pobail sa chomórtas trí cheiliúradh náisiúnta a eagrú in aghaidh na bliana agus lorgaítear poiblíocht sna meáin dóibh dá réir.
Is féidir níos mó a léamh fá dtaobh de Ghlór na nGael ag https://www.glornangael.ie/.